|
| |||
|
|
Старые стихи хорошего ирландца Cathal Ó Searcaigh Níl aon ní Níl aon ní, aon ní, a stór, níos suaimhní ná clapsholas smólaigh i gCaiseal na gCorr, ná radharc níos aoibhne ná buicéad stáin na spéire ag sileadh solais ar Inis Bó Finne. Is dá dtiocfá liom, a ghrá, bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha mar shiolastrach Ghleann an Átha, is chluinfeá geantraí sí i gclingireacht na gcloigíní gorma i gcoillidh Fhána Bhuí. Ach b’fhearr leatsa i bhfad brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath lena ghleo tráchta gan stad, seachas ciúinchónaí sléibhe mar a gciúnaíonn an ceo le teacht na hoíche anuas ó Mhín na Craoibhe. Добавить комментарий: |
||||||||||||||