Запасная нора
 
[Most Recent Entries] [Calendar View] [Friends View]

Wednesday, April 26th, 2006

    Time Event
    1:10a
    Старые стихи хорошего ирландца
    Cathal Ó Searcaigh



    Níl aon ní

    Níl aon ní, aon ní, a stór,
    níos suaimhní ná clapsholas smólaigh
    i gCaiseal na gCorr,

    ná radharc níos aoibhne
    ná buicéad stáin na spéire ag sileadh
    solais ar Inis Bó Finne.

    Is dá dtiocfá liom, a ghrá,
    bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha
    mar shiolastrach Ghleann an Átha,

    is chluinfeá geantraí sí
    i gclingireacht na gcloigíní gorma
    i gcoillidh Fhána Bhuí.

    Ach b’fhearr leatsa i bhfad
    brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath
    lena ghleo tráchta gan stad,

    seachas ciúinchónaí sléibhe
    mar a gciúnaíonn an ceo le teacht na hoíche
    anuas ó Mhín na Craoibhe.

    << Previous Day 2006/04/26
    [Calendar]
    Next Day >>

About LJ.Rossia.org